top of page
ROG_3688_cropped_edited_edited_edited_edited.png

Ag Líonadh an Bhearna san Oideachas

  • Facebook
  • Instagram
  • LinkedIn
  • Twitter

 “… a bheith ar cheann de na tíortha beaga is fearr ar domhan le fás aníos agus le clann a thógáil, agus mar a dtugtar meas ar, mar a gcosnaítear agus mar a gcomhlíontar cearta gach linbh agus gach duine óig; mar a n-éistear lena nglór agus mar a dtacaítear leo lena lánphoitéinseal a bhaint amach anois is sa todhchaí.” (Torthaí níos fear, Todhchaí níos gile: 2014-2020)

​

Ba chóir go mbeadh dáimh ag aon duine a chreideann gur cheart a bheith ag díriú ar shochaí thuilleamhlathach leis an sprioc go mbeadh sé ar chumas leanaí agus daoine óga an méid is féidir leo a bhaint amach.

 

Is é an príomhrud chun sochaí mar sin a bhaint amach ná fáil a bheith ar oideachas ag gach duine, agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní a theastaíonn uathu ag daoine óga chun oibriú chomh maith agus is féidir leo beag beann ar a gcúlra.

 

Faraor, leantar leis an éagothroime i gcónaí inár gcóras oideachais. Ní fhreastalaíonn ach 15% de mhic léinn ó Bhaile Átha Cliath 17 ar ardoideachas; is í an figiúr do Bhaile Átha Cliath 6 ná 99%. Ar an meán, ní éiríonn chomh maith le leanbh a fhreastalaíonn ar scoil faoi mhíbhuntáiste le leanbh a fhreastalaíonn ar scoil atá go maith as agus a bhfuil an cumas céanna acu beirt. Maidir le mic léinn as aon áit taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ar mian leo freastal ar Choláiste na Tríonóide, de réir measúnú a rinneadh le gairid bheadh orthu €56,000 a chaitheamh thar a gcúrsa céime chun é sin a bhaint amach. Ní nach ionadh tá mic léinn go leor nach bhfuil in ann freastal ar an ollscoil is fearr atá rangaithe in Éirinn dá bharr sin.

 

Níl ansin ach cuid de na bacainní atá roimh dhaoine óga. Tá siad mór go maith ach is féidir iad a shárú ach tacaíocht agus beartas ceart a leanúint. Ní mór cur chuige nuálach agus uaillmhianach a ghlacadh chun na bearnaí sin san oideachas a líonadh. Tá m’fheachtas dírithe ar aird a tharraingt ar na bearnaí atá ann, agus iniúchadh a dhéanamh ar chur chuige bunaithe ar fhianaise chun iad a dhúnadh. Más mian leat teacht liom i m’fheachtas chun dul i ngleic le héagothroime san oideachas, déan teagmháil le do thoil. Ní hamháin gurb é leas na mic léinn féin cabhrú leo a bhfuil ar a gcumas a bhaint amach – is é leas na sochaí ar fad é.

Contact

Teagmháil
 

  • Facebook
  • Instagram
  • LinkedIn
  • Twitter

Ag Líonadh an Bhearna san Oideachas

Cóipcheart © 2021-2022 Ryan Ó Giobúin

bottom of page