top of page

Maidir le

Is mise Ryan Alberto Ó Giobúin. D’fhás mé suas i gclann Éireannach-Mheicsiceach i mbaile beag ar a nglaoitear Camus i lár Ghaeltacht Chonamara – agus is é mo bhaile i gcónaí é.

 

Bhog mé go Baile Átha Cliath i 2011 chun tús a chur le mo chúrsa fochéime i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath. Tháinig an spéis a bhí agam aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sóisialta trí bheartas bunaithe ar fhianaise leis an bhfochéim sa tSocheolaíocht agus Beartas Sóisialta, agus toghadh mé mar Scoláire sa disciplín sin i 2013.

 

Ó 2017 i leith táim i mbonn PhD sa Roinn Socheolaíochta. Sa taighde atá á dhéanamh agam táim ag breathnú ar na cúiseanna le héagothroime san oideachas agus an bealach ar tharla sé, agus táim ag tabhairt aird ar leith ar thionchar an Chúlú Eacnamaíochta Mór ar thorthaí leanaí, agus ar na drochthorthaí a d’fhág bochtaineacht ar fhorbairt linbh.

 

Chomh maith le taighde is maith liom garraíodóireacht, léitheoireacht, siúlóid agus grianghrafadóireacht. Is féidir leat a bheith ar an eolas faoi mo chuid ábhar spéise trí mo leathanaigh meán shóisialta, anseo.

ROG_3348-1_edited.jpg

Oideachas & Taithí

2022

Taighdeoir Cainníochtúil

Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Taighdeoir Cainníochtúil leis an Staidéar um Fhoghlaim Shábháilte (Safe Learning Study), staidéar idirghabhála faoi stiúir na Roinne Oideachais

2017-2022

PhD i Socheolaíocht Chainníochtúil

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Taighde cainníochtúil ar an tionchar príomha agus tánaisteach ar bhonn sóisialta a tháinig i gcóras oideachais na hÉireann.

2020

Ainmnithe do Ghradam Teagaisc Dermot McAleese

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Modhanna Taighde Cainníochtúla agus Cáilíochtúla

2017-2018

Teastas Iarchéime sna Staitisticí

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Scoil na hEolaíochta, Ríomhaireachta agus na Staitisticí

2015-2018

EIL Intercultural Learning, Cork

Comhalta Boird le EIL

Is eagraíocht sheachbhrabúsach é EIL a chuireann deiseanna foghlamtha idirchultúrtha agus deonacha ar fáil thar lear.

2015-2016

Dioplóma sa Ghearmáinis

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Rinne mé staidéar ar an teanga chomh maith le hábhar spéise intleachtacha, cultúrtha agus eacnamaíochta thíortha na Gearmáinise.

2011-2015

Baitsiléir Ealaíon (BA), sa Socheolaíocht agus Beartas Sóisialta

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Teideal Thráchtas na Bliana Deiridh: ‘Educational Experiences in Ireland: A Case Study of Young Somali Adults in Dublin’.

2013

Tofa mar Scoláire sa tSocheolaíocht agus Beartas Sóisialta

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Is é seo an gradam fochéime is mó a bhfuil meas air in Éirinn, a bhronntar ar na mic léinn a léiríonn ‘cumas thar barr’ ina réimse staidéir

Taighde

Foilseacháin

  • Gibbons, R.A., Layte, R. (2021) The Effect of School Composition and Disciplinary Ethos on Student Learning Outcomes

  • Gibbons, R.A., Sprong, S., Chzhen, Y. (2021) Growing Up in the Great Recession: The Effects of Three Dimensions of Economic Well-being on Child Behavioural Difficulties from Ages 9 to 17 (Under Review)

  • Sprong, S., Gibbons, R.A., Chzhen, Y. (2021) Divergent Trajectories: Three Dimensions of Child Poverty During the Great Recession in Ireland (Under Review)

  • Gibbons, R.A.,  Layte, R. (2021) A Fixed-effects Analysis of the Effect of Financial Strain and Parental Depression on Child Behavioural Difficulties During the Great Recession in Ireland (Under Review) 

  • Gibbons, R.A., Layte, R. (2021) When and Why Do Socio-economic Differences in Student Disaffection Emerge? A Longitudinal Study from Age 9 to 17/8 (Under Review)

  • Gibbons, R.A., Layte, R. (2020) Constrained by Choice: Social Class and Curriculum Selection in Secondary Education in Ireland.

Imeachtaí Comhthionóil Béil Roghnaithe

  • October 2021: European Consortium for Sociological Research, Annual Conference:
    Why do working class students have worse behaviour? Financial strain and child behavioural difficulties during the Great Recession in Ireland

  • August 2020: European Sociology Association, Sociology of Education Conference:
    When and why do students become disaffected?

  • March 2019: International Sociology Association, Research Committee 28 Conference: 
    Diverging Pathways: social class and curricular choice in secondary education in Ireland

Contact

Teagmháil
 

  • Facebook
  • Instagram
  • LinkedIn
  • Twitter

Ag Líonadh an Bhearna san Oideachas

Cóipcheart © 2021-2022 Ryan Ó Giobúin

bottom of page